The tradition & historical record
2 min read · 1 sourceFéile litríochta Gaeilge is ea IMRAM (Iomramh na sean-Ghaeilge.) Is i mBaile Átha Cliath a bhíonn sí go príomha. Bunaíodh IMRAM sa bhliain 2004. An aidhm atá ag IMRAM ná litríocht na Gaeilge a chur i gceartlár an tsaoil phoiblí in Éirinn trí fhéile bhliantúil nuálach a eagrú. Tacaíonn an fhéile le scríbhneoirí agus le léiriú a gcuid saothar, chomh maith le díospóireachtaí a spreagadh a mheallann cainteoirí Gaeilge agus foghlaimeoirí na Gaeilge in Éirinn agus ar fud an diaspóra. Bíonn tionscadail cheoil acu freisin, tionscadail ina n-aistrítear amhráin de chuid ceoltóirí cáiliúla go Gaeilge, léamha ar aistriúcháin agus ócáidí filíochta, i measc go leor rudaí eile. Le scór bliain anuas tá IMRAM aitheanta ar cheann de phríomhfhéilte litríochta na Gaeilge. Dírítear ar imeachtaí téamúla ilmheánacha a chruthú a bhíonn lán de shamhlaíocht; léamha, díospóireachtaí agus agallaimh le scríbhneoirí; mórimeachtaí filíochta le tionlacan ceoil; agus imeachtaí do pháistí. Tá spéis ag an bhféile naisc a dhéanamh le pobail Ghaeltachta agus pobail na tuaithe; le pobail atá nuathagtha chuig Éirinn; le pobail imeallaithe ar nós an Lucht siúil; pobail i gceantar uirbeacha a bhfuil faillí déanta iontu; pobail i dtíortha eile a bhfuil teanga neamhfhorleathan iontu; agus pobail liteartha agus chultúrtha san Eoraip, i Meiriceá agus níos faide i gcéin. Is é Liam Carson stiúrthóir IMRAM.
The text above is adapted from the Wikipedia article “IMRAM”, available under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 4.0 licence.
IMRAM is recorded in open cultural data. The structured record cited below does not describe the practice, and this entry has not yet been reviewed by a person familiar with the tradition. 1