The tradition & historical record
3 min read · 2 sourcesCluiche is ea Cead a imrítear ar Inis Meáin ar Lá Fhéile Pádraig go dtí an lá atá inniu ann agus d'imrítí é ar fud na Gaeltachta, leis. Cleas na Slise a thugtar air freisin. Bíonn ar imreoirí 60 buille a chur thar an líne 40 méadar. Níl cead ach ag na fir é a imirt. As déil bhán nó hicearaí a dhéantar an ‘cead’, nuta beag adhmaid a bhuailtear. Bíonn an Corn Domhanda sa Chead le buachan ag Comórtas Cead Lá le Pádraig. Filleann muintir an oileáin ar Inis Meáin ó ó chian is ó chóngar ar an 17 Márta, do Chorn Domhanda Ceid. 1
Cead i dTír Chonaill
Seo thíos sliocht (arna chaighdeánú) ó Shéamus Ó Grianna ag déanamh cur síos ar an gcluiche 'Cead na Slise' i Rann na Feirste. An Teach nár Tógadh agus Scéalta eile, 1948, Lgh 64-66. 1
“Foghlaimeoidh mise Cead na Slise díbh agus gan a bheith i bhfad leis Bhí maide éadrom leis a raibh cos chaol agus bos leathan air agus é tuairim ar dhá throigh go leith ar fad. Ansin bhí slis bheag ghairid aige a bhí naoi n-orlach nó faoin tuairim sin. Agus cnag bheag adhmaid a rinne sé as bloc maide. Rinne sé poll beag cruinn le sáil a bhróige sa talamh agus chuir sé an cipín ina sheasamh ann, nó ina luí ar fiar, agus chuir sé an chnag sa pholl ar bhun an chipín. “Anois,” ar seisean, “seo mar imeoras sibh é. An chéad fhear agaibh a gheobhaidh an buailteoir, buailfidh sé buille beag éadrom ar cheann na slise. Léimfidh an chnag in airde. Mar seo,” ar seisean ag tosú. Nuair a bhí an chnag san aer bhuail sé buille uirthi agus chuir sé tuairim ar scór slat amach ón pholl í. Ansin thosaigh sé gur inis sé dúinn. An fear a bhí i d'éadan, chaith sé ar ais í. Má chuir sé níos deise don sprig ná fad an bhuailteora í, chuir sé as imirt thú. Mura chuir, fuair tú pointe Mura chuir, fuair tú pointe os coinne gach fad buailteora idir an sprioc agus an áit ar thit an chnag. Bhí fiche dóigh eile le lámh na himeartha a chailleadh. Má chuir tú an chnag amach thar na deich slata fichead leis an bhuille, b'éigean duit an buailteoir a thabhairt don té a bhí os do choinne. Agus d'éirigh an cleas céanna duit, má sháraigh ort an chnag a bhualadh nuair a d'éirigh sí ón tslis. Agus i ndeireadh an chluiche a bhí an chuid ab fhearr den imirt ann. Déarfaimid gur céad an cluiche. Tá tusa faoi thrí cinn de agus tá an fear eile i bhfad siar i do dhiaidh. Ach caithfidh tú an trí a fháil. 1
Féach Freisin
https://www.duchas.ie/ga/cbes/5235142/5221999/5241687 https://www.duchas.ie/ga/cbeg/49489 https://tuairisc.ie/o-dhuchas-clocha-peire-cloch-nirt-cead-agus-paire/ 1
The text above is adapted from the Wikipedia article “Cead (cluiche)”, available under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 4.0 licence. 1
cead is recorded in open cultural data. The structured record cited below does not describe the practice, and this entry has not yet been reviewed by a person familiar with the tradition. 2





